Is é do bheatha go suíomh gréasáin Ceremonies Ollscoil Luimnigh. Bíonn trí chineál deasghnátha ar leith i Searmanais na hOllscoile: bronnadh na gcéimeanna, bronnadh na gcéimeanna oinigh agus léachtaí tionscnaimh.
Reáchtáiltear bronnadh na gcéimeanna faoi dhó sa bhliain - Mí Lúnasa (bronnadh an fhómhair) agus Mí Eanáir (bronnadh an gheimhridh). Is céim ollmhór chun tosaigh deasghnátha sultmhara mar iad seo do réamhchéimithe OL a mbíonn an cúrsa léinn déanta acu agus iad ar tí tabhairt faoin gcéad mhír eile den saol.
Reáchtáiltear bronnadh na gcéimeanna oinigh in Ollscoil Luimnigh uair amháin sa bhliain. Is é is aidhm leis na hócáidí uaisle seo, céimeanna oinigh a bhronnadh ar dhaoine a chruthaigh go héachtúil, ar bonn náisiúnta nó idirnáisiúnta, sna healaíona, sna heolaíochtaí, i ngnó, i dtionscal, sna gairmeacha, i spórt, sa tseirbhís shóisialta nó sa tseirbhís phoiblí.
Is ócáid sách suntasach don bhall dáimhe é an léacht tionscnaimh in Ollscoil Luimnigh. Tugann sé deis don ollamh nuacheaptha a c(h)uid comhleacaithe, pobal an champais agus an pobal i gcoitinne a thabhairt ar an eolas faoina s(h)aothar go dtí sin, chomh maith le taighde reatha agus faoina bhfuil faoi/fúithi a dhéanamh sa todhchaí.